27 Caigliḋ an té agá mbí éolus a ḃríaṫra: agus bí fear na tuigsiona do spiorad ḋearscnuiġṫe.
Ní ḃí díṫ peacaiḋ a niomad na mbríaṫar: aċt an té ċongṁus air a ḃéul atá críonna.
Bí tuigsi ṁor ag an té ḃíos mall ċum feirge: aċt an té ḃíos deiṫniosaċ a spioraid árduiġiḋ sé leiṁe.
Stuidéaruiḋ croiḋe a nionraic ċum freagarṫa: aċt dóirtiġ béul an ċiontuiġ droiċneiṫe amaċ.
Is féarr an té ḃíos mall ċum feirge ná an cuṁaċtaċ; agus an té ríaġlas a spiorad ná an té ġaḃus caṫair.
Eístior bríaṫra na ndaóine nglic a gcíunas ní sa ṁó ná coṁairc an té ríaġlus a measc amadán.
Uime sin, a ḋearḃráíṫre gráḋaċa, bíoḋ gaċ áon ullaṁ ċum éisdeaċda, mall ċum laḃarṫa, mall ċum feirge:
Agus síolċurṫar toraḋ na fíreuntaċda a síoṫċáin do luċd déunta na síoṫċána.
Oír ciontuiġemid uile a móran do neiṫiḃ. Giḋ bé naċ cciontuiġeann a mbreiṫir, as duine diongṁálta é, lér féidir fos srían do ċur ris an gcoluinn uile.