Go maḋ fada sin uaitsi a ḋéunaṁ marso, an fíréun do ṁarḃaḋ maille ris an cciontaċ: agus go mbiaiḋ an firéun mar an cciontaċ, go maḋ fada sin uaitsi: naċ déuna Breiṫeaṁ na talṁan uile ceart?
Anois ar a naḋḃarsin éiriġ, agus imṫiġ amaċ, agus laḃair red ṁuínntir go sólasaċ: óir do ḃeírimsi an TIĠEARNA mar ṁionnaiḃ, muna ndeaċuiḋ tú amaċ, náċ ḃfanfuiḋ duine agad a noċd: agus buḋ measa ḋuit sin na ar éiriġ dulc ḋuit ód óige gus a nois.
Agus atáimsi a niuġ lag, gé táim am ríġ ungṫa; agus atáid an ṁuínntirsi mic Ṡeruiah roċruáiḋ ḋaṁ: do ḃéara an TIĠEARNA a luáiġeaċd dfior a nuilc do ḋéanaṁ, do réir a ċionta.