25 Is dóḃrón do naṫair mac oinṁideaċ, agus searḃus é don ṁnaói rug é.
Agus do hinnseaḋ do Ióab, Féuċ, atá an ríġ ag gul agus ag caoineaḋ fa Absolon.
Seanraiḋte Ṡoluiṁ. Do ní mac críonna aṫair sólásaċ: aċt sé an mac leaṁ duḃaċus a ṁáṫair.
Do ni mac críonna aṫair lúaṫġáireaċ: aċt tarcuisniġiḋ an duine leaṁ a ṁaṫair.
An té ġineas amadán do ní sé sin ċum a ḋoilġis féin: agus ní ḃí solás aig aṫair amadáin.
Is aḋḃar boċduine ḋá aṫair an mac leaṁ: agus is silt ṡiorruiḋe imreasuin na mná.
Biáiḋ lúaṫġáire air haṫair agus air do ṁaṫair, agus gáirdeoċuiḋ an ḃean rug ṫú.
Do ḃeir an tslat agus an smaċt gliocas uaṫa: aċt do ḃeir an leanaḃ fágṫar taoḃ ris féin náire ḋá ṁaṫair.