24 Bí a neagna as coinne an té agá mbí tuigsi; aċt bíd súile a namadáin a nímliḃ na talṁan.
Taḃair air mo ṡúiliḃ gaḃáil seaċa ó ḋíoṁaoineas dfaicsin; béoġuiḋ mé ann do ṡliġe.
Iarruiḋ an tarcuisneaċ eagna, agus ní ḟaġann: aċt is socaṁlaċ éolus don tí ṫuigios.
Iarruiḋ croiḋe an té agá mbí tuigsi éolus: aċt ís air amadánaċt beaṫuiġṫear béul na namadán.
Is dóḃrón do naṫair mac oinṁideaċ, agus searḃus é don ṁnaói rug é.
An ccuirfiḋ tú do ṡúile annsa ní naċ ḃfuil ann? óir do ní saiḋḃrios go deiṁin sciaṫáin dó féin; eitillidsiad as aṁuil iolar ċum niṁe.
Bíd súile an duine ġlic iona ċionn; aċt siuḃluiġ an tamadán san dorċadus: agus maille ris sin do ṫuig misi gur ḃionann críoċ ḋeiġionaċ ḋóiḃ uile.
Is féarr raḋarc na súl ná seaċrán na toile: is díoṁaóineas so mar an gcéadna agus buáiḋreaḋ spioraide.
Cia atá mar a neagnuiḋe? agus cia ḋar fios cíall neiṫe? do ḃeir eagna an duine air a ġnúis déallruġaḋ, agus aṫroċar dánaċt a aiġṫe,
Giḋ bé neaċ lé nab áill ṫoilsean do ḋéunaṁ, aiṫéonaiḋ sé a dtimċeall an teaguisg, más ó Ḋía atá sé, nó an uáim féin laḃruimsi.
Oír gaċ ní atá sa tsáoġal, mar atá ainṁían na colla, agus ainṁían na súl, agus úaḃar na beaṫa, ní ó Naṫair atáid síad, aċd is ón tsáoġal atáid.