Atáid do ṗrionnsaḋa cogṫaċ, agus na ccompanaċaiḃ ag gaduiġṫiḃ: is ionṁuin le gaċ uile ḋuine cuṁa, agus imṫiġid a ndiáiġ na luáiġeaċt: ní ḃreaṫnuiġid an dilleaċda, agus ní ṫig cúis na bamtreaḃuiġ ċuca.
Ionnadsa do ġaḃadar cuṁa ċum fola do ḋórtaḋ; do ġlac tu úsúireaċt agus biseaċ, agus do ġnoḋuiġ tú go sanntaċ ód ċoṁarsanuiḃ lé fóirneart, agus do ḋearmuid tú misi, a deir an Tiġearna DIA.
Do ní a ccinn sin breiṫeaṁnus air luáiġeaċt, agus teagasguid a sagairt ar ṫúarustal, agus fáistiniġid a ḃfáiġe ar airgiod: giḋeaḋ luiġfid air an TTIĠEARNA, agus a déaruid síad, Naċ ḃfuil an TIĠEARNA ar measg? ní ḟéadann olc ar biṫ teaċt oruinn.
Eistiġ so, íarruim daṫċuinge oruiḃ siḃsi cinn ṫiġe Iácob, agus prionnsaḋa ṫiġe Israel, ġráineas re breiṫeaṁnus, agus ċuirios a nuile ċeart bun ós cionn.
¶ Ċor go ndéanuid olc leis an dá láiṁ go diṫċiollaċ, íarruiḋ an prionnsa agus an breiṫioṁ tioḋlacaḋ; agus foillsiġiḋ an duine mór a ṫoil urċóideaċ: marsin fillid súas é.
Ní ḋéana tú coiṁéigneaḋ breiṫeaṁnuis; ní ṫiuḃra tú meas ar péarsuinniḃ seaċ a ċéile, agus ní ġéuḃa tú cuṁa: óir dalluiġ an ċuṁa súile na ndaóine eagnuiġe, agus aiḋṁilliḋ briaṫra na ḃfíréan.
Féaċuiḋ, atáim annso: déanuiḋ fiaḋnuisi am aġaiḋ a laṫair an TIĠEARNA, agus a laṫair a ungṫuiḋ: Cía agaiḃ dar ḃean mé a ḋaṁ? nó cía dar ḃean mé a assal? no cía do ṁeall mé? no cía do ġortuiġ mé? nó cía hí an láṁ as ar ġlac mé cuṁa ar biṫ do ḋallaḋ mo ṡul leis? agus aiseoga mé ḋíḃ é.