22 Foġnuiḋ croiḋe súgaċ aṁuil leiġios: aċt tiormuiġiḋ spiorad briste na cnáṁa.
Atá mo neart ar na ṫiormuġaḋ aṁuil criáiḋ loisge; agus do ċeangail mo ṫeanga dom ġíalluiḃ; agus ṫugais mé go luáiṫreaḋ an ḃáis.
Do ḃeir dóbrón a ccroiḋe ḋuine air cromaḋ: aċt do ní focal maiṫ sólásaċ é.
Do ní ċroiḋe súgaċ gnúis ṡuilḃir: aċt lé dóḃrón an ċroiḋe bristear an spiorad.
Is cíor ṁeala bríaṫra millsi, milis do nanam, agus sláinte do na cnáṁuiḃ.
Iomċoruiḋ spiorad an duine a laige; aċt cía ḟéadas spiorad cneaḋaċ diomċar?
A duḃairt mé a ttáoḃ an ġáire, Atá sé ar buile: agus fan tsúgraḋ, Cred dá ḃfoġnann sé?
Ionnus a nois contrárrḋa ḋó sin gur córa ḋíḃ maiṫeaṁnus do ṫaḃairt dó, agus sólás do ċur air, deagla go sluigfiḋe súas é lé hiomarcuiḋ doilġís.
Oír an doilġeas ḃíos do réir Dé oibriġe sé aiṫriġe ċum slánaiġṫe naċ aiṫreaċ linn: aċd óibriġeann doilġeas an tsáoġáil bás.