Agus do corruiġeaḋ an ríġ go mór, agus do ċuáiḋ súas don tséomra ós cionn an ġeata, agus do ġuil sé: agus ag imṫeaċd dó, a dúḃairt mar só, O a ṁic Absolon, a ṁic, a ṁic Absolón, do ḃféarr liom gur mé féin do ġeaḃaḋ bás ar do ṡon, ó Absolon, a ṁic, a ṁic!
Agus as ċuige do sgríoḃ mé a ní so féin ċugaiḃ, deagla, ar dteaċd ḋaṁ, go ngéuḃaḋ doilġeas air muin doilġis mé fán muinntir, agár ċóir ḋaṁ gáirdeaċas do ḃeiṫ oram ḋá dtáoḃ; ar mbeiṫ ḋaṁ muiniġineaċ asaiḃ uile, gur ab é mo ġairdeaċasa, ḃur ngáirdeaċasa uile.