Agus do ḟreagair Ittai an ríġ, agus a duḃairt, Mar ṁairios an TIĠEARNA, agus mar ṁairios mo ṫiġearna an ríġ, giḋ bé áit a mbía mo ṫiġearna an ríġ, más a mbás nó a mbeaṫuiġ, is ann ḃias do ṡearḃḟoġantuiġ mar an gcéadna.
Oir má ḃíonn tú a nois ad ṫoċd go huiliḋ, annsin tiucfaiḋ fúasclaḋ agus sáoraḋ air na Iúduiġiḃ as áit oile; aċt scriosfuiġṫear ṫusa agus tiġ haṫar: agus cía agá ḃfuil a ḟios naċ fá na leiṫéid so daimsir ṫáinic tú ċum na rioġaċda?
Fúaṫuiġid uile ḋearḃráiṫre an ḃoiċt é: cá ṁéad nísa ṁó ná sin ṫíaġaid a ċáirde uile a ḃfad uáḋ? leanuiḋ sé íad lé briaṫraiḃ, giḋeaḋ bíd síad do ḋíṫ air.
Agus a duḃairt Rút, Ná bíarr orum ṫfágḃáil, nó filleaḋ ó ḃeiṫ ad leanṁuin: óir giḋ bé áit a raċa tú, raċa mé ann; agus mar a ngeaḃa tú lóistín, is ann ḃíadsa: is íad do ḋaoine ḃus daoine ḋaṁsa, agus do Ḋía ḃus Día ḋaṁ:
Aċ do ḃí dúil ṁór ag Ionatan mac Ṡauil a Ndáiḃi: agus dinnis Ionatan do Ḋáiḃi, gá ráḋ, Atá maṫair Saul ag íarruiḋ do ṁarḃṫa: a nois ar a naḋḃarsin, guiḋim ṫú, taḃair aire ḋuit féin go maidin, agus fan a náit ṡecréidiġ, agus foluiġ ṫú féin:
Agus raċaiḋ misi amaċ agus seasfuiḋ mé ré taóiḃ maṫar annsa maċaire mar a mbía tusa, agus laiḃeoruiḋ mé rem aṫair dot ṫaoḃsa; agus giḋ bé ní ċífeas mé, inneosa mé ḋuitse é.