Anois ar a naḋḃarsin ní ḋeíleoċuiḋ an cloiḋeaṁ re do ṫiġ ċoiḋċe; do ċionn mar do ṫarcuisniġ tú misi, agus go ttug tú bean Uriah an Hititiġ dá beiṫ na mnáoi ḋuit féin.
Agus do ḋéana mé do ṫiġ mar ṫiġ Ieroboam ṁic Nébat, agus mar ṫiġ Ḃaasa ṁic Ahiiah, ar son an ḃrostuiġṫe ler ḃrostuiġis mé ċum feirge, agus le ttugais air Israel peacuġaḋ.
Ná déunuiġ olc a naġuiḋ uilc, ná anċaint a naġuiḋ anċainte: aċd go contrárġa ḋó sin, tuguiḋ ḃur mbeannaċd; ar mbeiṫ a ḟeasa aguiḃ gur ċuige so do goireaḋ siḃ, ionnas go ḃfuiġeaḋ siḃ féin beannaċd mar oiġreaċd.
¶ Agus do laḃair Ionatan go maiṫ ar Ḋáiḃi re na aṫair, agus á daḃairt ris, Ná peacuiġeaḋ an ríġ a naġaiḋ a ṡearḃḟoġantuiġe, a naġaiḋ Ḋáiḃi; do ḃríġ naċ ndéarna seison coir ad aġaiḋsi, agus do ḃríġ gur ro ṁaiṫ do ḃadar a oibreaċa ar do ṡon:
(Anois arsa Dáiḃi, Go deiṁin is díoṁáoin daṁ a ndearna mé do ċuṁdaċ ar a raiḃ ag an ḃfearso ann sa ḃfásaċ, ar ċor naċ ndeaċaiḋ éinní a muġa don nuile ní dar ġaḃ leis: agus do ċúitiġ sé mo ṁaiṫ le holc.