Oír, atá a ḟios agadsa (ar sa Ċusai,) go ḃfuil haṫair, agus a ḋaoíne na ḃfearuiḃ cróḋa, agus go ḃfuilid air lasaḋ na ninntin, mar ṁaṫġaṁuin do ċoillfeaḋ a cuiléin sa maċaire: agus fear cogaiḋ haṫair, agus ní ċoiṁneoċa se a noċd a ḃfoċair an ṗobail.
Agus do iompóiġ seision ar a ais, agus dféuċ orra, agus do ṁalluiġ sé íad a nainm an TIĠEARNA. Agus ṫáinig amaċ ḋá ṁaṫġaṁuin ḃainionna as an ccoill, agus do réubadar días agus dá fiṫċiod leanaṁ ḋíoḃ.
Teigeoṁa mé ríu aṁuil beiṫir dá mbeantar a cuiléin, agus brisfe mé scairt a ccroiḋe, agus annsin sluigfiḋ mé íad aṁuil leoṁan: réubfuiḋ an beaṫaċ álta íad.
Ann sín an tan do ċonnairc Iorúaiṫ, go ndearnadar na dráoiṫe fonóṁad faoi, do las sé lé feirg, agus ar gcur úaḋ, do ṁarḃ sé a raiḃ do leanbaiḃ-fear a Mbetleem, agus ann a teórannaiḃ uile, ó áois ḋá mblíaḋan nó fáoi, do reír na haimsire dfoġluim sé go diṫċiollaċ ó na dráoiṫiḃ.