Agus do ċuir Absolom fios ar Aċitoṗel an Giloníteaċ, coṁairleaċ Ḋáiḃi, óna ċaṫrúiġ féin, ó Ġiloh, ann feaḋ do ḃí ag déanaṁ ioḋbarṫa. Agus do ḃí an ċealg láidir; óir do ḃí an pobal ag méaduiġaḋ a ccoṁnuiġ ag Absolon.
Agus tárla go raiḃ óglaċ do Ḃelial annsin dar ḃamm Séba, ṁac Biċri, Beniamiteaċ: agus do ṡéid sé stoc, agus a duḃairt, Ní ḃfuil cuid ar biṫ aguinne a Ndáiḃi, ní mó atá oiġreaċd aguinn a mac Iesse: ṫéiġeaḋ, gaċ éanduine dá lóistín féin, O Israel.
Ann sin do ċúaiḋ an ḃean mar a raiḃ an pobal uile iona gliocus. Agus do ḃeanadar a ċéann do Ṡéba ṁac Biċri, agus do ṫeilgeadar amaċ ċum Ióab é. Agus do ṡéid seision stoc, agus dfilleadar ón ċaṫruiġ gaċ éanduine ḋá ṫiġ féin. Agus dfill Ióab go Hierusalem ċum an ríġ.
Agus a duḃairt an ríġ ris, Déana mar a duḃáirt sé riot, agus tiomáin air, agus aḋlaic é; ar ċor go mbéara tú a nfuil neiṁċiontaċ, do ḋoírt Ióab, uáimse, agus ó ṫiġ maṫar.
Ann sin do aiṫin an ríġ do Ḃenaiah ṁac Iehoiada; noċ do ċuáiḋ amaċ, agus do ṫiomáin air, go ḃfuair sé bás. Agus do daingniuġaḋ an rioġaċd a laíṁ Ṡolaiṁ.
A deiridsean ris, Sgriosfuiḋ sé go díoġaltaċ na droċḋáoine úd, agus do ḃéara sé a ḟineaṁuin ar ċíos do sgológaiḃ eile, do ḃéara na tórṫa ḋó an a naimsearaiḃ féin.