10 Is mó ṫéid aċṁusán a steaċ a nduine ċríonna na céad buille ann amadán.
Buaileaḋ an fíreun mé; buḋ cineul ḋaṁ sin: fós imḋeargaḋ sé mé; buḋ ola mórlúaiġe sin, naċ brisfiḋ mo ċeann: biáiḋ fós mo ġuiḋe léo iona nanacair.
Eistiġ mac críonna re teagasg a aṫar: aċt ní éisteann tarcuisneaċ armáire.
Tarcuisniġ amadán teagasg ón aṫair: aċt is eagnuiḋe an té ḃeir aire do smaċt.
Cogaḋ aṁáin íarrus an droċ ḋuine: uimesin cuirfiġṫear teaċtaire fíoċṁar na ċuinne.
Giḋ bé ċeilios sáruġaḋ íarruiḋ sé gráḋ; aċt giḋ bé aṫnúaiġios cúis dealniġ sé cáirde.
Buáil an tarcuisneaċ, agus do ḃéara an simpliḋeaċ aire: agus iomaiṫḃír an té agá mbí tuigsi, agus tuigfiḋ sé éolus.
Bíoḋ go mbrúiġfeá amadán a moirtéul a measg ċruiṫneaċta lé pestel, ṫairis sin ní ḋeileoċuiḋ a amadánaċd ris.
Ní smaiċteoċṫar seirḃíseaċ le bríaṫruiḃ: óir má tá go ttuigionn sé ní ḟreigeora sé.
An ṁéid is ionṁuin leamsa, cronuiġim agus smaċduiġim íad: uime sin bíoḋ teasġráḋ agad, agus déun aiṫriġe.