Agus is ó Ḋía do ḃí milleaḋ Ahasiah do ḃríġ a ḋul dféaċuin Iehoram: óir an tan ṫáinic sé, do ċúaiḋ sé amaċ le Iehoram a naġaiḋ Iehu ṁic Nimsi, noċ do unguiḋ an TIĠEARNA do ḋibirt ṫiġe Ahab.
Ag foillsiuġaḋ an deiriḋ ón tosaċ, agus ón tseanaimsir na neiṫe naċ déarnaḋ fós, ġa ráḋ, Seasfa mo ċoṁairlesi, agus do ḋéana mé mo ṫoil féin go hiomlán:
A máraċ timċioll na húairesi cuirfe mé duine ċugad as tír Ḃeniamin, agus ungfuiḋ tú é ċum ḃeiṫ na ċaiptín ós cionn mo ṗobail Israel, go sáorfa sé mo ṗobal ó láiṁ na Ḃṗilístineaċ: óir dféaċ mé air mo ṗobal, do ċionn go ttáinic a ccoṁairc ċugam.