Agus do ḟuaṫuiġ Esau Iacob ar son na beannaċda lear ḃeannuiġ a aṫair é: agus a duḃairt Esau na ċroiḋe, Atáid láeṫe cuṁa ar son máṫar a ḃfogus; ann sin ṁuirfeas misi mo ḋearḃraṫair Iacob.
Agus do ráiḋ seision, Ní goirfear Iácob ḋíot feasda mar ainm, aċ Israel: óir atá cuṁaċda agad mar ṗrionnsa ré Día, agus ré daóiniḃ agus do rug tú buáiḋ.
A duḃáirt an TIĠEARNA, Go deiṁin biáiḋ sé go maiṫ ag ṫfuiġioll; go deiṁin cuirfiḋ mé dfiaċaiḃ ar an náṁuid ḃeíṫ go maiṫ leaċd a nam a nuilc agus a nam aindise.
Fuáir mé a nois na huile neiṫe, agus atá mo ṫeannṡáiṫ agum: do líonaḋ mé, ar nglacaḋ ḋaṁ ó Epaṗrodítus na neiṫe ṫáinic uáiḃse, an balaḋ ḋeaġḃaluiḋ, an níoḋbairt ṫaitneaṁaċ, ar a ḃfuil gean ag Día.
Ionnus go siúḃalfaḋ siḃ mar as cuḃaiḋ don Tíġearna maille ré sa ṫoil do ḋéunaṁ sna huile neiṫiḃ, ag taḃairt toruiḋ uáiḃ sa nuile ḋeaġobair, agus ag fás a néolas Dé;
Go ndéuna sé siḃ diongṁalta sa nuile deaġobair, ċum a ṫola do ḋéunaṁ, ag oibriuġaḋ ionnuiḃ an neiṫe as geanaṁuil na ḟíaḋnuise, tré Iósa Críosd; dá ḃfuil glóir go sáoġal na sáoġal. Amén.