5 Is aḋḟúaṫṁaireaċt don TIĠEARNA gaċ uile ḋuine ḃíos uáiḃreaċ a ccroiḋe: bíoḋ go níuḋfaḋ láṁ a láiṁ, ní ḃíaiḋ se gan dioġaltas.
Féuċ air gaċ ndaine dá ḃfuil úaiḃreaċ, agus uirísliġ é; agus saltair síos ná droċḋaóine iona náit.
Ná taḃair ainm an TIĠEARNA Día go díoṁaóin; oir ní ṁeasfuiḋ an TIĠEARNA neiṁċiontaċ an té ḃeir a ainm go díoṁáoin.
Bíoḋ go níaḋfaḋ láṁ a láiṁ, ní ḃiáiḋ an droċḋuine gan dioġaltas: aċt sáorfuiġṫior slioċt a nfíréin.
Ḋó féin do rinne an TIĠEARNA gaċ uile ní: an ciontaċ fós, a gcionne laé a nuilc.
Le trócaire agus lé fírinne leasuiġṫear a néagcóir: agus lé heagla an TIĠEARNA seaċnuid daóine an tolc.
Marsin don tí raċas a ḃfarraḋ mná a ċoṁarsan; giḋ bé ar biṫ ḃeanas ría ní ḃiáiḋ sé neiṁċiontaċ.
Así eagla an TIĠEARNA an tolc dfúaṫuġaḋ an túaḃar: agus a niomarcaiḋ, agus an droiċṡliġe, agus fúaṫuiġim, an béul míolaḃarṫaċ.
Uiṁleoċṫar féaċuin árd an duine, agus cromfuiġear síos uáill na ndaoine: agus sé an TIĠEARNA aṁáin áirdeoċar an lá sin.
Oír biáiḋ lá ṪIĠEARNA na slóġ ar gaċ uile ḋuine dá ḃfuil úaiḃreaċ árd, agus ar gaċ áon ṫógṫar súas; agus do bearfuiġṫear sios é:
A ṁairg don ċiontaċ! óir is olc ḃeiṫior aigesion: óir do ḃéarṫar lúaċ sáoṫair a láṁ féin dó.
¶ Eístiġsi, agus tugaiḋ clúas; ná bíṫí uáiḃreaċ: óir do laḃair an TIĠEARNA.
Giḋeaḋ do ḃeir úaḋa grása ní sa ṁó. Uime sin a deir sé, Cuiriḋ Día a naġuiḋ na nuáiḃreaċ, aċd do ḃeir grása do núṁal.