32 Is féarr an té ḃíos mall ċum feirge ná an cuṁaċtaċ; agus an té ríaġlas a spiorad ná an té ġaḃus caṫair.
Naċ féarr Abána agus Parṗar, aiḃne Ḋamascus, ná a ḃfuil duisgeaḋuiḃ a Nisrael? naċ ḃféuduim ionnlaḋ ionta sin, agus ḃeiṫ glan? Marsin do ḟill sé agus dimṫiġ roiṁe a ḃfeirg.
Atá an TIĠEARNA grásaṁuil agus lán do ṫruáiġe, fad ḟuilingeaċ, agus diomud trócaire.
Bí tuigsi ṁor ag an té ḃíos mall ċum feirge: aċt an té ḃíos deiṫniosaċ a spioraid árduiġiḋ sé leiṁe.
Dúisgiḋ duine niṁneaċ súas ceannairg: aċt an té is mall ċum feirge laġduiġiḋ sé imreasuin.
Is féarr ḃeiṫ do spioraid úṁail leis na hisliḃ, ná an ċreaċ do roinn leis a nuáiḃreaċ.
Is coróin ġlóire an ceann líaṫ, ar na ḟáġail a sliġe a nionracuis.
Do teilgeaḋ an crannċar annsa nuċt; aċt is ag an TTIĠEARNA atá a ċur a gcríċ uile.
Cuiriḋ discréid duine a ḟearg air cáirde; agus isí a ġlóir míríaġuil do léigean ṫairis.
Le hiomċar fada cláoċluiġṫior prionnsa, agus brisiġ teanga ḃog an cnáiṁ.
An té ag naċ bí ríaġuil ós cionn a spioruide féin is cosṁuil é re caiṫruiḋ ḃriste síos, gan ḃallaḋa.
Is féarr críoċ ḋeiġionaċ neiṫe ná a ṫosaċ: agus is féarr an foiġideaċ a spioraid ná an tuaiḃreaċ a spioraid.
Ná bí deiṫniosaċ ann do spioraid ċum feirge: óir coṁnuiġiḋ a nfearg a mbrollaċ na namadáin.
Na beireaḋ an tolc buáiḋ ort, aċd beirse buáiḋ ar a nolc ré maiṫ.
Uime sin biġiḋse ḃur luċd leanṁana Dé, mar ċloinn ġráḋuiġ;
Uime sin, a ḋearḃráíṫre gráḋaċa, bíoḋ gaċ áon ullaṁ ċum éisdeaċda, mall ċum laḃarṫa, mall ċum feirge:
Do ḃéur cead don tí ḃeireas buáiḋ suiḋe maille riom um ċaṫáoir rioġa, aṁuil fós rug mise buáiḋ, agus ṡuiġim a ḃfoċair Maṫair ann a ċaṫáoir ríoġasan.