23 Múiniḋ croiḋe an ġlic a ḃéul, agus do ḃeir bárr ealaḋan dá ṗuisiniġ.
Ar ċóir do ḋuine críonna éolus díoṁáoin do laḃairt, agus a ḃolg do líonaḋ leis an ngaoiṫ a noir?
Naċ múintíd siad ṫú, agus naċ innéosuid duit, agus naċ aibéoruid bríaiṫra amaċ ó na ccroiḋe?
Sceiṫiġ mo ċroiḋe amaċ cúis ṁaiṫ: laḃruim mobair don ríġ: mo ṫeanga mar ṗeann scriḃnéora ro ḋeiṫniosaiḋ.
Stuidéaruiḋ croiḋe a nionraic ċum freagarṫa: aċt dóirtiġ béul an ċiontuiġ droiċneiṫe amaċ.
Díoscaóilid puisíne a neagnuiḋe éolus: aċt ní marsin do ċroiḋe a nainḃfiosaiġ.
Goirfiġear duine críonna don ġlic a gcroiḋe: agus méuduiġiḋ millsi an beil ealaḋa.
Is tobar fíoruisge ċum beaṫa an tuigsi don tí agá mbí sí: aċd is amadánaċt teagasg na namadán.
Ċor go mbía meas agad ar ḋiscréid, agus go gcuṁduiġe do ṗuísíniġ éolus.
Bíoḋ bríaṫar Ċríosd na coṁnuide ionnuiḃ go saiḋḃir sa nuile éagna; dá ḃur múnaḋ agus dá ḃur dteagasg féin a salmuiḃ agus a ḃfonnuiḃ molta Dé, agus a gcainticiḃ sbioradálta ag déunaṁ ceóil don Tíġearna ann ḃur gcroiḋṫiḃ maillé ré gean.