22 Is tobar fíoruisge ċum beaṫa an tuigsi don tí agá mbí sí: aċd is amadánaċt teagasg na namadán.
Is tobar beaṫa béul an duine ionruic: aċt folċaiġ foiréigion béul na cciontaċ.
Dliġeaḋ a neagnuiḋ is tobar na beaṫa é, do ḋealuġaḋ ré líontaiḃ an ḃáis.
As tobar beaṫa eagla an TIĠEARNA, do ḋealuġaḋ ré paintéarniḃ an ḃáis.
Gnáṫuiġ teanga a neagnuiġe éolus go ceart: aċt dóirtiġ béul na namadán leiṁe amaċ.
Stuidéaruiḋ croiḋe a nionraic ċum freagarṫa: aċt dóirtiġ béul an ċiontuiġ droiċneiṫe amaċ.
Goirfiġear duine críonna don ġlic a gcroiḋe: agus méuduiġiḋ millsi an beil ealaḋa.
Múiniḋ croiḋe an ġlic a ḃéul, agus do ḃeir bárr ealaḋan dá ṗuisiniġ.
Is aṁuil uisgeaḋa doiṁne bríaṫra ḃéil an duine, agus sruṫ ag tuilíuġaḋ tobar fíoruisge na heagna.
Isé a ḃéul aiḋṁilliḋ a namadain, agus a ṗuisine paintéur a anma fein.
Marsin béid síad na mbeaṫa dot anam, agus na ngrasaiḃ dot ṁuinéul.
Léigiḋ ḋóiḃ féin: is éoluiġṫe dalla a gcionn dall íad. Agus ma ṫréoruiġeann dall dall éile, tuitfid a raon sa díg.
Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, An té éisdeas rém ḃréiṫirse, agus ċreideas don té do ċuir uáḋ mé, atá an ḃeaṫa ṁarrṫanaċ aige, agus ní ṫiocfa sé ċum damnuiġṫel aċd daṫarruiġ sé ó ḃás go beaṫaiḋ.
As é an spiorad ḃeóḋaiġeas; ní ḃfuil tarḃa ar biṫ sa ḃfeóil: na ḃríaṫra laḃruimsi riḃ, is spiorad, agus as beaṫa iád.
Ann sin do ḟreagair Síomon Peadar é, A Ṫiġearna, cía ċuige a raċamáois? as agadsa ataíd bríaṫra na beaṫa marrṫanuiġe.