Féaċ, do rinne mé do réir ṫfocail: féaċ, ṫug mé ḋuit croiḋe glic tuigseaċ; iondus naċ raiḃ éanduine cosṁuil riot roṁad, ni mó éireoċus éanduine ad ḋiáiġ buḋ cosṁuil riot.
¶ Ṫug an Tiġearna DIA ḋaṁsa teanga na ndáoine foġlomṫa, go mbeiṫ a ḟios agam ciondus do laiḃeoruinn focal a nam ris an té ḃíos coirṫe: múscluiḋ sé ó ṁaidin go maidin, múscluiḋ sé mo ċluás do ċluinsion mar a néagnuiḋe.
Cía is críonna, agus tuigfe sé na neiṫese? glic, agus aiṫeona sé íad? óir is díreaċ sliġṫe an TIĠEARNA, agus siuḃoluid na fíréin ionta: aċt tuitfid na ciontuiġ ionta.
Do ḟreagair Iósa a nuáirsin agus a duḃairt sé, Do ḃeirim buiḋeaċas ḋuit, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, ar son gur ḟoluiġ tú ná neiṫese ó ḋáoniḃ eagnuiḋe agus tuigseanaċa, agus gur noċt tú íad do leanbaiḃ.
Agus do rinneadar uile fiaḋnuisi leis, agus do ḃí iongantus aca ann sna combráitiḃ grásaṁla do ṫigeaḋ as a ḃéul. Agus a deirdís, An né naċ é so mac Ióseṗ?
Oir ráinic tuarasgḃáil ḃur núṁlaċdsa na huile ḋáoine. Ar a naḋḃarsin atá gáirdeaċas orum ḃur dtáoḃsa: giḋeaḋ is mían riom ḃeiṫ ḋáoiḃ eagnuiġe a dtáoiḃ na maiṫeasa, agus neaṁurċoideaċ a dtaoḃ a nuilc.