Annsin ṫáinic Háman a steaċ, agus a duḃairt an ríġ ris, Cred do ḋéantar don duine a mbia dúil ag an ríġ onóir do ṫaḃairt dó? (Anois do smuáin Háman iona ċroiḋe, Cía agá mbíaṫ dúil ag an ríġ a onoruġaḋ ní sa ṁó ná misi?)
Agus tárla, mar do ḃí sé ag aḋraḋ a ttiġ Nisroċ a ḋía, gur ḃuáil Adrameleċ agus Sareser a ṁic é leis an ccloiḋeaṁ; agus dimṫiġeadar go críċ an Harménia, agus do ríoġuiḋ Esarhadon a ṁac ionna áit.
Do ṁeall húaṫḃás ṫú, agus úaḃar do ċroiḋe, ṫusá ċoṁnuiġios a scealpuiḃ na ccarrac, ċóngṁus áirde an ċnoic: bíoḋ go ndeantá do nead coṁárd ris a niolar, do ḃeara misi a núas as sin ṫú, a deir an TIĠEARNA.
Agus tuisliġfiḋ agus tuitfiḋ an tuáiḃreaċ, agus ní ṫógfuiḋ duine ar biṫ súas é: agus lasfuiḋ mé teine iona ehaiṫreaċaiḃ, agus lóisgfiḋ mé a nuile uí iona ṫimċioll fa ccuáirt.
Do tógḃaḋ súas do ċroiḋe do ḃríġ do sgéiṁe, do ṫruailliġ tú heagna do ḃríġ do ḋéalruiġṫe: teilgfiḋ misi ċum talṁan ṫú, a ḃfíaḋnuise ríoġ, ċor go ḃféuċfuid ort.
Agus biáiḋ críoċ na Hégipte áonránaċ agus bán; agus aiṫeonuid gur misi an TIĠEARNA: do ḃríġ go nduḃairt sé, Is liomsa a naḃuinn, agus is mé do rinne é.
Agus go dtiocfaḋ an tí do ġoir ṫusa agus eision agus go naiḃéoraḋsé riot, Taḃair ionad dó so; agus ann sin do ṫoiseóċṫá maille le náire suiḋe ann sa nionad is ísle.