Eistiġ riomsa, a ḋrong leanas a ndiáiġ na fíréantaċda, a luċt iarrus an TIĠEARNA: féuċuiḋ ar an ccarruic as ar snoiġeaḋ siḃ, agus ar ṗoll an luig as ar toċlaḋ siḃ.
¶ Eístiġ riomsa, a luċd dar buḋ aiṫnid ionnracus, an pobal agá ḃfuil mo ḋliġeaḋ iona ccroiḋe; na heagluiġiḋ roiṁe ṁasla na ndaóine, agus ná bíoḋ eagla a ccáinteoireaċd oruiḃ.
Annsin aiṫeonam, ma ṫéiġmid air ar naġaiḋ daiṫniuġaḋ an TIĠEARNA: atá a ḋul amaċ ullaṁ mar an ṁaidin: agus tiucfa sé ċugainn mar a nfearṫuinn, mar a nfearṫuinn deiġionuiġ agus ṫosuiġ ċum na talṁan.
Is fíorġlaine do ṡúile na ċum uilc daṁarc, agus ní ḟéadann tú féuċuin air éicceart: cred fa ḃféuċann tú air an droing do ní go fealltaċ, agus ḃíos tú ad ṫoċd an tan ṡluigios an droċḋuine an duine is fíréunta ná é féin?
Agus gráiḋeoċuiġ sé ṫú, agus beinneoċuiḋ sé ṫú, agus méideoċuiḋ sé ṫú: agus beinneoċuiḋ sé mar an gcéadna toraḋ do ḃronn, agus toraḋ ṫfearuinn, harḃar, agus ṫfíon, agus hola, agus ionnláoġas do ḃó, agus tréada do ċáoraċ, ann sa dúṫaiġ noċ do ṁionnuiġ sé dod aiṫriḃ do ṫaḃairt ḋuitsi.
Seaċuin mar an gcéudna ainmíana na hóige: agus lean dfíréuntaċd, do ċreideaṁ, do ġráḋ, do ṡíoṫċáin, maille ris an druing ġoireas air an Dtíġearna ó ċroiḋe ġlan.