6 Bí mórán ionṁuis a ttiġ a neagnuiḋe: aċt a ccíos an droċḋuine buaiḋreaḋ.
Atá saiḋḃrios agus maóin iona ṫiġ: agus seasfuiḋ a ḟíréantaċd go bráṫ.
Is féarr an beagan atá ag an ḃfíréun ná saiḋḃrios ṁóráin do ḋroċḋaóiniḃ.
Do ní beannuġaḋ an TIĠEARNA, saiḋḃir, agus ní ċuirionn doilġios ar biṫ iona ċoiṁideaċt.
Fágḃuiḋ an duine maiṫ oiġreaċt ag cloinn a ċloinne: agus cuirṫear maóin an ṗeacaiḋ a stór do nionnruic.
Bféarr beagan maille re heagla an TIĠEARNA ná ionnṁus mór agus buáiḋreaḋ maille ris.
Tarcuisniġ amadán teagasg ón aṫair: aċt is eagnuiḋe an té ḃeir aire do smaċt.
Díoscaóilid puisíne a neagnuiḋe éolus: aċt ní marsin do ċroiḋe a nainḃfiosaiġ.
Is féarr beagán lé hionnracas ná cíosanna móra gan ċeart.
Atá ionnṁus ann is cóir díarruiḋ agus ola a náitreaḃ an duine ġlic; aċt caṫaiḋ an duine éigcríonna súas é.
Atá mallaċt an TIĠEARNA a ttiġ an droċḋuine: aċt beannuiġiḋ sé áitreaḃ a nionnruic.
Ċor go ttuga mé air an ndroing ler ḃionṁuin mé saiḋḃrios do ṡealḃuġaḋ; agus líonfuíḋ mé a nionnṁusa.
Is féarr lán duirn le suáiṁneas, ná an dá láiṁ lán lé sáoṫar agus le buáiḋreaḋ spioraide.
Ar na ṁeas dó gur ṁó an saiḋḃreas masla Ċríosd ná ionnṁas ná Héigipte: óir do ḃí súil aige ris an lúaċ sáoṫair.