Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Seanraite 15:33 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

33 Ise eagla an TIĠEARNA teagasg na heagna; agus atá uṁlaċt roiṁe onóir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Seanraite 15:33
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Anois a nuáir do ṫainig seal Ester, inġean Abihail dearḃraṫair aṫar Ṁordecai, (noċ do ġaḃ lé mar inġin,) do ḋul a steaċ ċum an ríġ, ni íarraḋ sí éinni aċt an ní do órduiġeaḋ, Hegai séomradóir an ríġ, coiṁeaduiġ na mban. Agus fuáir Ester gean a raḋare gaċ uile ḋuine dá ḃféuċaḋ uirre.


Agus a duḃairt sé ris an nduine, Aṁairc, eagla an TIĠEARNA, sí sin an ċríonnaċt; agus olc do ṡeaċna is tuigsi sin.


Asé eagla Dé tosaċ na heagna: is maiṫ an tuigse atá acasan uile do ní a aiṫeanta: mairiġ a ṁolaḋ go bráṫ.


Tigiḋ, a ċlann, éistiġ riomsa: teagaisgfead eagla an TIĠEARNA ḋiḃ.


Daiṫniuġad eagna agus teasaisg; do ṫuigsin ḃríaṫra a ttuigsionaċd;


Asé eagla an TIĠEARNA tosaċ a néoluis: aċt dísbeaguid na hamadáin eagna agus teagasg.


An té ḋíultas múnaḋ tarcuisniġiḋ sé anam féin: aċt an té uṁluiġios do smaċt do ġeiḃ sé tuigsi.


Is on TTIĠEARNA, ṫig ullṁuġaḋ an ċroiḋe annsa duine, agus freagra na teangṫa.


Is árd croiḋe an duine roiṁe a naiḋṁilleaḋ, agus atá a núṁlaċd roiṁe onóir.


Do ḃéaruiḋ úaḃar duine ísiol é: aċt coinneoċuiḋ onóir súas an duine úṁal a spioraid.


Así eagla an TIĠEARNA an tolc dfúaṫuġaḋ an túaḃar: agus a niomarcaiḋ, agus an droiċṡliġe, agus fúaṫuiġim, an béul míolaḃarṫaċ.


Oír giḋ bé árduiġeas é féin ísleóċṫar é; agus giḋ bé ísliġeas é féin, áirdeóċṫar é.


Islíġe siḃ féin a ḃfiadnuise an Tíġearna, agus áirdéoċa sé siḃ.


Mar an gcéudna, a ḋaóine óga, tuguiḋ úṁlaḋ do na sinnsearuiḃ. Agus bíġiḋ uile úṁal dá ċéile, déunuiḋ siḃ féin deaġṁaiseaċ don táoḃ a stiġ ó úṁlaċd inntinne: óir cuiriḋ Día a naġuiḋ na nuáiḃreaċ agus do ḃeir grása do núṁal.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ