31 An ċlúas do ċluin aċṁusán na beaṫa, oirisiġ sí a measc na ndaóine nglic.
Filliḋsi re mo aċṁusánsa: féuċ, dóirtfiḋ mé amaċ mo spíorad ċugaiḃ, ḃéara mé fios mo ḃríaṫra díḃ.
Bíḋ boċtuine agus náire don té ḋíultas teagasg: aċt an té agá mbí meas air aċṁusán onórṫar é.
An té ṡiuḃluiġios le daóiniḃ críonna biáiḋ sé críonna: aċt scriosfuiġṫear compánaċ na namadán.
Gáirdiġiḋ solus na súl an croiḋe: agus do ní clú ṁaiṫ cnáṁa méiṫ.
An té ḋíultas múnaḋ tarcuisniġiḋ sé anam féin: aċt an té uṁluiġios do smaċt do ġeiḃ sé tuigsi.
Tarcuisniġ amadán teagasg ón aṫair: aċt is eagnuiḋe an té ḃeir aire do smaċt.
Do ġeiḃ croiḋe an duine eagnuiḋe éolus; agus íárruiḋ clúas an duine ċríonna eagna.
Eísd re coṁairle, agus glac teagasg, ċor go mbía tu glic ad ċríċ ḋeiġíonuiġ.
Aṁuil clúasḟáinne óir, agus aṁuil córuġaḋ dór ġlan, marsin ḃíos an taiṫḃioraċ glic ar ċlúais uṁail.
Is féarr éisteaċd re haċṁusán a neagnuiḋ, ná do ḋuine éisteaċd re haḃrán na namadán.
Cláonuiḋ ḃur cclúas, agus tigiḋ ċugamsa: clúiniḋ, agus mairfiḋ ḃur nanam, agus do ḋéana misi ccunnraḋ síorruiḋe riḃ, eaḋon grása daingne Ḋáiḃi.
Do ċúadar amaċ as ar measgne, oir ní raḃadar ḋínn: óir dá mbéidís dínn, dfanfaidís go deiṁin má ráon rinn: aċd dimṫiġeadar uainn, ionnus go maḋ follas naċ dínne íad uile.