29 Is fada an TIĠEARNA ón cciontaċ: aċt do ċluin sé guiḋe a nfíréin.
Go dearḃṫa ní éistfiḋ Día re díoṁaóineas, ní mó ḃías meas ag a Nuileċuṁaċdaċ air.
Cred fa seasann tú a ḃfad amaċ, ó a ṪIĠEARNA? cred fá ḃfolċann tú ṫú féin a naimsearuiḃ buaiḋearṫa?
Bíoḋ gur hárd an TIĠEARNA, giḋeaḋ do ċí sé an túṁal: agus aiṫniġe sé an tuáiḃreaċ a ḃfad úaḋ.
Do ḋéanuid éiṁġe, (agus ni ḃiáiḋ áon do ḋéanaḋ a ndídion): ċum an TIĠEARNA, agus ní ċluinfe sé íad.
Oír, féuċ, an luċt ṫéid a ḃfad uáit meiṫfid síad: scriosfair gaċ áon dá ttéid ré stríopaċus uáit.
Annsin gairfid síad orumsa, aċt ní ḟreigeora mé; íarrfuid mé go moċ, aċt ní bfaġaid síad mé:
Gáirdiġiḋ solus na súl an croiḋe: agus do ní clú ṁaiṫ cnáṁa méiṫ.
Is aḋḟúaṫṁaireaċt don TIĠEARNA íoḋbairt an ċiontaiġ: aċt sí urnaiġ a nfíréin a ḋúil.
Aċt do rinne ḃur cciontasa dealuġaḋ idir siḃsi agus ḃur Ndía, agus dfoluiġeadar ḃur bpeacuiḋe a aġaiḋ uáiḃ, go naċ ccluinfiḋ sé.
Agus iméoċuid so bpiannuid ṡíorruiḋe: aċd iméoċuid na fíréunuiġ do ḃeaṫuiġ ṁarṫanuiġ.
Aċd atá a ḟios aguinn naċ éisdeann Día na peacṫuiḋ: aċd má ḃeir duine onoír do Ḋía, agus má ní sé a ṫoil, éisdiḋ sé an fearso.
Oír atáid súile an Tíġearna ar na fíreunuiḃ, agus a ċlúasa osguilte ḋa nurnuiġe: aċd atá gnúis an Tíġearna a naġuiḋ na druinge do ní na huile.