Agus déiriġ Símei, agus do ċuir díalláoid ar a asal, agus do ċuaiḋ go Gát mar a raiḃ Aċis díarruiḋ a ṡeirḃíseaċ: agus dimṫiġ Símei, agus ṫug a ṡerḃísiġ leis ó Ġát.
An té naċ ccuireann amaċ a ċuid airgid cum úsúireaċda, is naċ glacann luáiḋeaċd a naġaiḋ na neiṁċiontaċ. An té do ní na neiṫeso ni háṫroċṫair é go bráṫ.
Os a ċionn so; gléasfa tú as an bpobál uile dáoine acfuinneaċa, drong ar a mbí eagla Dé; dáoiné fírinneaċa, ḟuaṫuiġeas saint; agus cuir ós a ccionn íad, uaċdarain mileaḋ, uaċdarain céad, uaċdarain cáogad, agus uaċdaráin deiṫneaṁuir:
Aṁuil luiġios an ṗatruisc air a huiġiḃ, agus naċ gcuirionn íad; marsin an té do ġeiḃ saiḋḃrios, agus naċ lé ceart, fuigfiḋ sé íad a lár a láeṫeaḋ, agus iona ċríċ ḋeiġionuiġ biaiḋ sé na amadán.
Ní ḋéana tú coiṁéigneaḋ breiṫeaṁnuis; ní ṫiuḃra tú meas ar péarsuinniḃ seaċ a ċéile, agus ní ġéuḃa tú cuṁa: óir dalluiġ an ċuṁa súile na ndaóine eagnuiġe, agus aiḋṁilliḋ briaṫra na ḃfíréan.
Ní mó ḃéuras tú aḋḟuaṫṁaireaċd ċum do ṫiġe, deagla go mbeiṫeá ad ní ṁalluiġ cosṁuil ris: aċ fuaṫoċaiḋ tú é ṫríd amaċ, agus biáiḋ gráin ort roiṁe go hiomlan; oír is ní malluiġ é.
Oír a sé gráḋ a nairgid fréuṁ na nuile olc: noċ ar mbeiṫ do ḋruing áiriġe ḋá ṡauntuġaḋ, do ċúadar ar seaċrán ón gcreideaṁ, agus do ṫolladar íad féin ṫríoṫaḋ ré hiomad dóilġis.
Aċd an dream lér mían ḃeiṫ saiḋḃir tuitid síad a gcáṫuġaḋ agus a ndul, agus a niomad ainṁían éigcéilliḋe díoġḃalaċa, naċ ṁúċas daóine a sgríos agus a milleaḋ.
Agus ar gaċ uile ċorr coiṁéadniġsi siḃ féin ar éainni móidiġṫe, deagla go ndeanaḋ siḃ siḃ féin malluiġ, a nuáir ġlacfuiḋe an ní malluiġ, agus go ndéanaḋ siḃ malluġaḋ do ċampa Israel, agus go mbúaiḋeorṫaoi é.
Féaċuiḋ, atáim annso: déanuiḋ fiaḋnuisi am aġaiḋ a laṫair an TIĠEARNA, agus a laṫair a ungṫuiḋ: Cía agaiḃ dar ḃean mé a ḋaṁ? nó cía dar ḃean mé a assal? no cía do ṁeall mé? no cía do ġortuiġ mé? nó cía hí an láṁ as ar ġlac mé cuṁa ar biṫ do ḋallaḋ mo ṡul leis? agus aiseoga mé ḋíḃ é.