Dfásadar méiṫ, agus déallruiġid: fós, sáruiġid síad gníoṁa na ndroċḋaoine: ní ḃreaṫnuiġid síad an ċúis, cúis an dílleaċda, giḋeaḋ tigid ar a naġaiḋ; agus ní ḃreaṫnuiġid cóir a neasḃuiḋiġ.
¶ Ní aṫroċuiḋ tú téorann ḟearuinn do ċoṁarsann, noċ do ċuireadar fada ó ṡin ann hoiġreaċdsa noċ ṡealḃuiġeas tú, ann sa dúiṫċe do ḃeir do ṪIĠEARNA Día ḋuit dá ṡealḃuġaḋ.
Ag so an ríaġail ġlan gan ċáiḋe a ḃfíadnuise Dé agus a Naṫar, Eaḋon dul dféuċain na ndileaċdaḋ agus na mbaintreaḃaċ a nám a ríaċdanuis, neaċ é féin do ċoiṁéud gan ċáiḋe ón tsáoġal.
Mar an gcéudna, a ḋaóine óga, tuguiḋ úṁlaḋ do na sinnsearuiḃ. Agus bíġiḋ uile úṁal dá ċéile, déunuiḋ siḃ féin deaġṁaiseaċ don táoḃ a stiġ ó úṁlaċd inntinne: óir cuiriḋ Día a naġuiḋ na nuáiḃreaċ agus do ḃeir grása do núṁal.