21 Bíḋ amadánaċt na sólás ag an té ḃíos gan eagna: aċt siuḃluiġ fear na tuigsi go díreaċ.
Agus a duḃairt sé ris an nduine, Aṁairc, eagla an TIĠEARNA, sí sin an ċríonnaċt; agus olc do ṡeaċna is tuigsi sin.
Asé eagla Dé tosaċ na heagna: is maiṫ an tuigse atá acasan uile do ní a aiṫeanta: mairiġ a ṁolaḋ go bráṫ.
Is ait leis a namadán urċóid do ḋéanaṁ: aċt bí críonnaċt aig fear na tuigsi.
An té ḃíos a néugṁuis críonaċta tarcuisniġ sé a ċoṁarsa: aċt bí fear na tuigsiona na ṫoċt.
Eagluiġiḋ an duine críonna, agus dealuiġiḋ ó nolc: aċ cuṫaiġiḋ an tamadán, agus bíḋ sé dóṫċusaċ.
Isé gliocas a neagnuiḋe a ṡliġe do ṫuigsin: aċt is cluáin leiṁe na namadán.
Do níd amadáin magaḋ fan bpeacaḋ: aċt a measg na ḃfíréan atá faḃar.
Toirmiscṫior tionnscanta a néagṁuis ċoṁairle: aċt a niomad na ccoiṁairleaċ daingniṫear íad.
Féuċaidís do ṡúile go díreaċ, agus faícedís forrḋuḃa do ṡúl go ceart roṁad.
Meas sliġe do ċos, agus bídis doṡliġṫe uile daingion.
Uime sin táḃruiḋ dá ḃur náire cionnas do ṫiucfaḋ riḃ siúḃal go haireaċ: ní mar ḋruing gan eagna, aċd mar ḋruing eagnuiḋe,
Cía atá na ḋuine eagnuiḋe íulṁar eadruiḃ? taisbéunaḋ sé a oibreaċa féin as a ċoinḃearsáid ṁáiṫ maille ré ceannsaċd éagna.