2 Gnáṫuiġ teanga a neagnuiġe éolus go ceart: aċt dóirtiġ béul na namadán leiṁe amaċ.
Sceiṫiġ mo ċroiḋe amaċ cúis ṁaiṫ: laḃruim mobair don ríġ: mo ṫeanga mar ṗeann scriḃnéora ro ḋeiṫniosaiḋ.
Féuċ, taifnid re na mbéul: atáid cloiḋṁṫe iona bpusaiḃ; óir, a deirid, Cía ċluin?
Ceiliḋ an duine glic éolus: aċt fúagraiḋ croiḋe na namadán amadánaċt.
Do ní gaċ uile ḋuine glic a ġnoṫuiġe re héolus: aċt léigiḋ an tamadán a leiṁe ris ós áird.
Sólásaiġear duine le freagra a ḃéil féin: agus an focal laḃarṫar iona am féin, cred é méud a ṁaiṫeasa!
Stuidéaruiḋ croiḋe a nionraic ċum freagarṫa: aċt dóirtiġ béul an ċiontuiġ droiċneiṫe amaċ.
Díoscaóilid puisíne a neagnuiḋe éolus: aċt ní marsin do ċroiḋe a nainḃfiosaiġ.
Múiniḋ croiḋe an ġlic a ḃéul, agus do ḃeir bárr ealaḋan dá ṗuisiniġ.
Ċor go mbía meas agad ar ḋiscréid, agus go gcuṁduiġe do ṗuísíniġ éolus.
Bí an tamadán fós lán do ḃriaṫruiḃ: ní ḟeidir duine créd ḃías ann; agus cía ḟéadas innsin, créd ḃías na ḋiáiġ?
Oír ṫig aisling tre iomad na ngnoṫuiġeaḋ; agus aiṫeantar guṫ a namadáin lé hiomad na mbríaṫra.
¶ Ṫug an Tiġearna DIA ḋaṁsa teanga na ndáoine foġlomṫa, go mbeiṫ a ḟios agam ciondus do laiḃeoruinn focal a nam ris an té ḃíos coirṫe: múscluiḋ sé ó ṁaidin go maidin, múscluiḋ sé mo ċluás do ċluinsion mar a néagnuiḋe.