17 Is féarr dínnér luiḃionn mar a mbí gráḋ, ná daṁ bíaḋta agus fúaṫ maille ris.
Is féarr beagán lé hionnracas ná cíosanna móra gan ċeart.
Is fearr greim tur, agus suáiṁnios maille ris, ná tiġ lán dféusta lé ceannairg.
Is fearr coṁnuiġe do ḋéanaṁ annsa ḃfásaċ, ná maille re mnaói ċeannairgiḋ ḟearguiḋ.
Is féarr lán duirn le suáiṁneas, ná an dá láiṁ lán lé sáoṫar agus le buáiḋreaḋ spioraide.
A rís, do ċuir sé ṡearḃḟoġantuiḋe eile ċuca, da ráḋ, Abruiġsi ris an ṁuinntir úd dár tugaḋ cuireaḋ, Féuċ, do ullṁuiġ mé mó ḋínnéir; á táid mo ḋaiṁ agus mainṁinntiġe bíaḋta ar na marḃaḋ, agus a tá gaċ uile ní ullaṁ: tigiḋ ċum na bainnse.
Agus tuguiḋ liḃ agus marḃuiḋ, an láoġ bíaḋta; agus caiṫeam biaḋ, agus bíom go súgaċ:
Uime sin mar atá cóṁḟurtaċd ar biṫ a Gcríosd, má atá sólas ar biṫ gráḋa, má atá cumann ar biṫ Sbioruide, má atá truáiġe ar biṫ nó trócaire,
Agus do aiṫneaṁar agus do ċreideamar an gráḋ atá ag Día ḋúinn. Is gráḋ é Día; agus an tí ċoṁnuiġeas a ngráḋ, coṁnuiġe sé a Ndía, agus Día annsan.