16 Bféarr beagan maille re heagla an TIĠEARNA ná ionnṁus mór agus buáiḋreaḋ maille ris.
Is féarr an beagan atá ag an ḃfíréun ná saiḋḃrios ṁóráin do ḋroċḋaóiniḃ.
Do ní beannuġaḋ an TIĠEARNA, saiḋḃir, agus ní ċuirionn doilġios ar biṫ iona ċoiṁideaċt.
Atáid uile láeṫe na daóine mbúaiḋearṫa go holc: aċt an té agá mbí croiḋe súgaċ bí féusta gnáṫaċ aige.
Is féarr beagán lé hionnracas ná cíosanna móra gan ċeart.
Is fearr greim tur, agus suáiṁnios maille ris, ná tiġ lán dféusta lé ceannairg.
Is féarr an boċt imṫiġios iona ionnracus, ná an té ḃíos urċóideaċ iona ṡliġṫiḃ, bíoḋ go mbeiṫ sé saiḋḃir.
Is féarr lán duirn le suáiṁneas, ná an dá láiṁ lán lé sáoṫar agus le buáiḋreaḋ spioraide.
Giḋeaḋ is éudáil mór an díaġaċd maille ré neaċ ḃeiṫ sásdaḋ ré na staid féin.