Agus do éirġeadar a ċlann ṁac uile, agus a inġeana suas dá ṁeisniuġaḋ; aċ do ḋíult seision meisneaċ do ġlacaḋ; agus do ráiḋ sé, Oir raċuiḋ mé síos annsa nuáiġ ċum mo ṁic ag déanaṁ doilġiosa: mar so do ċáoin a aṫair é.
Agus a duḃairt Iacob ré Ṗárao, Bliaḋna laéṫe moiliṫre is céad agus tríoċad bliaḋan íad: fá tearc agus fá holc láeṫe bliaḋna mo ḃeaṫa, agus ni rainic mé laeṫe bliaḋna ḃeaṫa maiṫreaċ, a laeṫiḃ a noiliṫresion.
Oír a sé so ar ngáirdeaċaisne, fíaḋnuisi ar ccoinnsiáis, gur a neaṁurċóid agus a ḃfíorġloine ḋíaḋa, agus naċ a ngliocas colluiḋe, aċd maille ré grás Dé, do ḃí ar gcoinḃearsáid sa tsáoġal, agus go mórṁór eadruiḃsi.
Mar ag déunaṁ doilġeasa, aċd do ġnáṫ ag déunaṁ gáirdeaċais; mar ḃoċda, giḋeaḋ do ní morán saiḋḃir; mar ḋaóniḃ gan ní air biṫ aca, giḋeaḋ do ṡealḃuiġeas na huile neiṫe.
Aċd go maḋ haóiḃinn liḃ, siḃ féin fo ḃeiṫ pártaċ ré buáiḋearṫuiḃ Ċríosd; ionnus, go mbiáiḋ gáirdeaċas agus meanma ṁór oruiḃ mar an gcéudna, an tan ḟoillséoċar a ġlóirsion.