Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Seanraite 15:10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Is doirḃ an smaċt don té ṫréigios an tsliġe: éagfuiḋ an té ḟúaṫuiġios armáire.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Seanraite 15:10
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tárla, a nuáir do ċonnairc Ahab Elias, go nduḃairt Ahab ris, An tusa an té ḃuaiḋrios Israel?


Agus a duḃairt Ahab re Helias, An ḃfúair tú mé, ó mo náṁuid? Agus do ḟreagair seision, Fúarus: do ḃríġ gur reac tú ṫú féin doibriuġaḋ uile a raḋarc an TIĠEARNA.


Agus a duḃairt ríġ Israel re Iehosaṗat, Atá fós éanduine aṁáin, Micaiah ṁac Imlah, tre a ḃféudam fíafriuġaḋ don TIĠEARNA: aċt atá fúaṫ agumsa air; óir ní ṫairġirionn maiṫ ḋaṁ, aċ olc. Agus a duḃairt Iehosaṗat, Ná habraḋ an ríġ sin.


Do ḃríġ gur ḟilleadar ar a nais úaḋasan, agus nár ċuireadar suim a náon dá ṡliġṫiḃ:


Agus fúaṫuiġe tú smaċduġaḋ, agus teilgfir mo ḃríaṫra táoḃ síar ḋíot.


Aċt do ċuireaḃair mo ċoṁairle uile a neiṁní, agus níor ḃáill liḃ maċṁusán:


Níor ḃáill léo mo ċoṁairlesi: do ḋísbeagadar maċṁusán uile.


An té ċoiṁéadas teagasg atá sé a sliġe na beaṫa: aċt an té ḋíultas smaċtuġaḋ atá sé air seaċrán.


Giḋ bé ġráḋuiġios teagasg gráḋuiġiḋ sé eólus: aċt an té ḟúaṫuiġios smaċt is brúideaṁuil é.


Eistiġ mac críonna re teagasg a aṫar: aċt ní éisteann tarcuisneaċ armáire.


Atá ifrionn agus dioṫlaiṫriuġaḋ as coinne an TIĠEARNA: maiseaḋ ca ṁéid ní is mó ná sin atáid croiḋṫe ċloinne na ndaóine?


Is aḋḟúaṫṁaireaċt don TIĠEARNA sliġe an ċiontaiġ: aċt is ionṁuin leis an té leanas a ndiáiġ na fíréantaċta.


Do ḃuaileadar mé, a deir tú, agus ni raiḃ mé tinn; do ġaḃadar orum, agus níor ṁoṫuiġ mé: cá huáir ṁúisceolas mé? íarrfa mé fós a rís é.


Agus go naibeorṫá, Ciondus do ḟuaṫaiġ mé teagaisg, agus do ṫarcuisniġ mo ċroiḋe aiṫḃear;


Naċ ar ṫuill tusa so ḋuit féin, annsa náit ar ṫréig tú do Ṫiġearna DIA, a nuáir do ṫréoruiġ sé annsa tsliġe ṫú?


Ṫairis sin, ma ṫoirmisgionn tusa an ciontaċ ó na ṡliġe dá ḟilleaḋ uáiṫe; muna ḃfilliḋ sé ó na ṡliġe, do ġeaḃa sé bás iona ċoir féin; aċt do ṡáor tusa hanam.


Oír giḋ bé do ní olc, fúaṫaiġiḋ sé an solus, agus ní ṫig sé ċum an tsolais, deagla go ndiomolfuiḋe a oibreaċa.


Ní héidir leis a tsáoġal siḃsi dfúaṫuġaḋ; aċd atá fúaṫ aige ḋaṁsa, do ḃríġ go ndéunuim fíaḋnuisi air, gur ab olc a oibreaċa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ