34 Arduiġiḋ a nfíréantaċt cineaḋ: agus is masla an peacaḋ do ṗobal ar biṫ.
Oír do ċuir an TIĠEARNA Iúdah síos ar son Ahas riġ Israel; óir do rinne sé Iúdah tárrnoċd, agus do ċiontuiġ sé a naġaiḋ an TIĠEARNA go mór.
Fearann tórṫaċ a ngorta, ar son corbaiḋ an luċta noċ áitriġios ann.
Socruiḋ eagna a ccroiḋe an té agá mbí tuigsi: aċt foillsiġṫear an ní atá a meaḋón na namadán.
Bí faḃar an ríġ leis an tseirḃíseaċ ṁaiṫ: aċt bí a ḟearg a naġaiḋ an té ḃeir cúis náire.
Daingniġ an ríġ an dúṫaiġ lé breiṫeaṁnus: aċt an té ġaḃas tioḋlaicṫe scriosuiḋ sé í.
An tan do laḃair Eṗraim, ar crioṫ, dárduiġ sé é féin a Nisrael; aċt an tan do ṗeacuiḋ sé a Mbaal, fuáir sé bás.