Na ḋiáiġ sin do laḃuir Iósa ríu a rís, Atáimsi ag imṫeáċd, agus íarrfuiḋesi mé, agus do ġéuḃṫaói bás an ḃur bpeacaḋ: mar a dtéiġimsi, ní héidir liḃsi teaċd.
Oír an tan déuruid síad, Síoṫċáin agus neambáoġal; tiucfuiḋ sgrios obann orrṫa an tan sin, mar ṫig ioḋana go mnaói ṫorruiḋ; agus ní ḃéuruid íad féin as.
Agus do ċúala mé gúṫ ó neaṁ ag ráḋ riom, Sgríoḃ, Is beannuiġe na mairḃ do ġeiḃ bás sa Dtíġearna feasda: A seaḋ a deir an Spiorad, go sguirfid síad feasda ḋá sáoṫar; agus leanuid a noibreaċa íad.