Ar son sáruiġṫe na mboċd, ar son osnaḋaċ na neasḃaḋaċ, anois éireoċa mé, (a duḃairt an TIĠEARNA); cuirfé mé eision a neaṁbaoġal ón té do ċuirfeaḋ a ngaiste é.
¶ Má ċí tú fóirneart air an mboċt, agus cláonaḋ éigiontaċ breiṫeaṁnuis agus ceirt a bproiḃinnse, ná bíoḋ iongnaḋ agad annsa ċúis: óir airiġiḋ an té is airde ná an té is ro áirde: agus atá ann ní is áirde ná íadsan.
¶ Agus má boċduiġeaḋ do ḋearbráṫair, agus go ttiutfiḋ a nainnisi agad; annsin tárṫoċuiḋ tú é: fós má ḃíonn sé na ċoiṁiḋṫeaċ, nó na oiḋe; ionnus go ḃféudfaḋ sé marṫuin ad ḟoċair.
¶ Ní ṡáireoċa tú éintserḃíseaċ túarusdail dá mbia boċd nó daiḋḃir, dot ḋearḃráiṫriḃ, no dot coiṁiṫeaċuiḃ noċ atá ann do ḋúíṫċe táoḃ a stiġ dot ḋoirsiḃ: