Atá manam a measg leoṁan: luiġim a measc druinge atá re ṫeiniḋ, eaḋon clann na ndaoine, dar ġáeṫe agus soiġde a ḃfíacla, agus gur cloiḋṁṫe géara a tteangṫa.
Agus na ndeiċ naḋarc do ḃí ar a ċeann, agus a naóin oile ṫáinic súas, agus roiṁe ar ṫuitiodar tríur, eáḋon na haḋairce agá raḃadar súile, agus béul do laḃair neiṫe ro ṁóra, a raiḃ a ḟéuċuin niosa ró árrṫaċda náid a ċompanuiġ.
Oír ar mbeiṫ ḋóiḃ ag laḃairt ḃríaṫar uáiḃreaċ gan éifeaċd, mealluid síad ré hainṁíanuiḃ macnusaċa na colla, an dream do ḋealuiġ beagán ré luċd an tseaċráin do leanṁuin.
Do ḃríġ gur ċoiṁéid tú briaṫar mfoiġidesi, do ḋéunsa ṫusa ċoiṁéud ar aimsir an ċaṫuige, noċ atá ċum teaċda ar a tsáoġal uile, ċum dearḃṫa na druinge áitiġeas an talaṁ.