Muna ḃeiṫ Día máṫar, Día Abraham, agus eagla Isaac leam, go deiṁin do ċurfeá ar siuḃal a nois mé folaṁ: do ċonnairc Día mo leaṫtrom agus sáoṫar mo láṁ, agus tug aiṫfear ḋuitsi a réir.
A duḃáirt an TIĠEARNA, Go deiṁin biáiḋ sé go maiṫ ag ṫfuiġioll; go deiṁin cuirfiḋ mé dfiaċaiḃ ar an náṁuid ḃeíṫ go maiṫ leaċd a nam a nuilc agus a nam aindise.
¶ Aċt díḃse air a ḃfuil eagla manmasa éireoċuiḋ Grían a nionracuis maille ré leiġios iona sciaṫánuiḃ; agus raċfuiḋ siḃ amaċ, agus fásfuiḋ súas mar ġaṁnuiḃ an stalla.
Uime sin fúair an eagluis ar feaḋ ṫire Iúdaiġe agus na Galilé agus na Samária síoṫċain; ar mbeiṫ ḋóiḃ ar na dtogḃáil súas sa gcreideaṁ: agus ag siúḃal a neaglá Dé, agus do ḃádar ar na líonaḋ do ċoṁḟurtaċd an Spiorad Náoiṁ.