24 Coróin na neagnuiḋe a saiḋḃrios: aċt is leiṁe amadánaċd na namadán.
Do spréiḋ sé, ṫug sé do na boċtaiḃ; mairiġ a ḟíréantaċt go síorruiḋe; biáiḋ a aḋarc ar na hárduġaḋ le glóir.
Do ní beannuġaḋ an TIĠEARNA, saiḋḃir, agus ní ċuirionn doilġios ar biṫ iona ċoiṁideaċt.
Isé fúasclaḋ anma duine a ṡaiḋḃrios: aċt ní ċluin an boċt iomaiṫḃior.
Bí tarḃa ann gaċ uile ṡáoṫar: aċt tríalluiḋ caint na bpuisíneaḋ aṁáin ċum easḃuiġt.
Atá ionnṁus ann is cóir díarruiḋ agus ola a náitreaḃ an duine ġlic; aċt caṫaiḋ an duine éigcríonna súas é.
Bíoḋ go mbrúiġfeá amadán a moirtéul a measg ċruiṫneaċta lé pestel, ṫairis sin ní ḋeileoċuiḋ a amadánaċd ris.
Agus eágna agus eólus ḃus coṫuġaḋ dot aimsearuiḃsi, agus neart slánuiġṫé: isé eagla an TIĠEARNA a ionnṁus.
Agus a deirinsi riḃ, Déanuiḋ cáirde ḋiḃ féin lé sáiḋḃreas na héagcóra; ionnus an tráṫ ḃías uireasḃuiḃ oruiḃ, go nglacfuiḋ siḃ ann a lóisdiniḃ siorruiḋe.