Ar a naḋḃarsin, a ríġ, gaḃ mo ċoṁairlesi, agus bris díot do ṗeacuiḋe lé fíréuntas, agus héigceart lé foillsiuġaḋ trócaire do na boċdaiḃ; más faduġaḋ ar do ṡíoṫċáin é.
Do ḟoíllsiġ mé ḋíḃ ann sna huile neiṫiḃ, gur ab ag sáoṫruġaḋ mar so is cóir ḋáoiḃ cungnaṁ leis ná hanḃfannuiḃ, agus bríaṫra an Tiġearna Iósa do ċuiṁniuġaḋ, mar a duḃairt sé, Is mó as beannaiġe ní do ṫaḃuirt ná do ġlacaḋ.
Taḃair haire naċ biaḋ smuaintiuġaḋ ad ḋroċċroiḋe, ġa ráḋ, Atá an seaċdṁaḋ blíaḋan, blíaḋan an ṁaiṫṁeaċuis, ag druidion rinn; agus naċ biáiḋ do ṡúil go hole a naġuiḋ do ḋearḃraṫar ḃoiċt, agus naċ ttiuḃra tú éinní ḋó; agus go néiġfiḋ sé ar an TTIĠEARNA a taġaiḋ, agus go mbía na ṗeacaḋ ort.