Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Seanraite 14:16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Eagluiġiḋ an duine críonna, agus dealuiġiḋ ó nolc: aċ cuṫaiġiḋ an tamadán, agus bíḋ sé dóṫċusaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Seanraite 14:16
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt Esau, Atá go lór agamsa a ḋearḃraṫair; bíoḋ an ní as leaċd agad féin.


Agus a duḃairt Jóseṗ ríu an treas lá, Déanuiġ mar so, agus mairiḋ: óir atá eagla Dé orum.


Ann sin do ċuir Iesebel teaċdaire go Helias, ġa ráḋ, Go ndéanuid na dée, anso riu marsin, agus tuilleaṁ fós, muna ndéarna misi do ḃeaṫasa mar ḃeaṫa ḋuine ḋíoḃsan fáoi namso a máraċ.


Agus a duḃairt seision, Mas go síoṫċánta ṫangadar amaċ, gaḃuiḋ béo íad; nó mas do ċaṫuġaḋ ṫigid amaċ, gaḃuiḋ béo íad.


Aċt na húaċdarain do ḃí roṁam do ḃádar costasaċ don ṗobal, agus do ġlacadar arán agus fíon úaṫa, táoḃ a muiġ do ċeaṫraċad secel airgid; do ḃí fós, agá ṡerḃíseaċaiḃ ríaġuil ós cionn an ṗobail: aċt ní ḋéarnuiḋ misi marsin, ar eagla Dé.


Do ḃí duine a ḃfearann Hus, dar ḃainm Iób; agus do ḃí an fear sin iomlán agus díreaċ, agus neaċ air a raiḃ eagla Dé, agus do ṡeaċuin olc.


Agus a duḃairt sé ris an nduine, Aṁairc, eagla an TIĠEARNA, sí sin an ċríonnaċt; agus olc do ṡeaċna is tuigsi sin.


Crioṫnuiḋ mfeoil ré heaglasa; agus atá úaṁan do ḃreiṫeaṁnuis orum.


Dealuiḋ ris a nolc, agus déan maiṫ; íarr síoṫċáin, agus lean í.


Oír muirfiḋ suaiṁneas na namadán íad, agus scriosfuiḋ sonas na nóinṁideaḋ íad.


Creidiġ an simpliḋeaċ gaċ aonḟocal: aċt féuċaiḋ an duine ġlic go maiṫ dá imṫeaċt féin.


An té ḟearguiḋṫear go hobann do ní sé amadánaċt: fúaṫuiġṫear fear na ndroiċ-ṫionnsgantaiḋ.


Ise sliġe ṁór a nfírein dealuġaḋ ris a nolc: an té ċoiṁéadas a ṡliġe cuṁduiġe sé a anam.


Le trócaire agus lé fírinne leasuiġṫear a néagcóir: agus lé heagla an TIĠEARNA seaċnuid daóine an tolc.


Réiṁḟéuċuiḋ an duine glic an tolc ċuige, agus folċaiḋ sé é féin: aċt imṫiġid na daóine simpliḋe ar a naġaiḋ, agus píantar íad.


Is sona an té air a mbí úaṁan do ġnáṫ: aċt an té ċruáiḋiġios a ċroiḋe tuitfiḋ sé a ttubaisde.


Má ní duine críonna imreasan ré hamadán, má ḃionn sé ar buile nó ag gaire, ní ḃí suáiṁnios ann.


Na bí glic ann do ṡúiliḃ féin: bíoḋ eagla an TIĠEARNA ort, agus seaċain an tolc.


Téid sé na diáiġ air ball, mar ṫéid an daṁ ċum a ṁarḃṫa, nó an tamadán ċum smaċtuiġṫe na cipe;


Is amadánaċt tosaċ ḃríaṫar a ḃéil: agus is buile urċóideaċ críoċ a ċainte.


Agus a nuáir do ċonnairc an tassal aingeal an TIĠEARNA, do ṫuit sí síos fáoi Ḃálaam: agus do las fearg Ḃálaam, agus do ḃuáil sé an tassal le bata.


Agus do ċúaladar cuid áiriġe do na Ṗairisíneaċuiḃ do ḃí na ḟoċair na neiṫesi, agus a duḃradar ris, An ḃfuilmídne dall leis?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ