Smaiċteoċuiḋ holc féin ṫú, agus imḋeargfuiḋ do sċleaṁnuġaḋ tar hais ṫú; bíoḋ a ḟios agad uimesin, agus faic, gur bolc agus gur searḃ an ní mar ṫréig tú an Tiġearna do ḊIA, agus naċ ḃfuil meaglasa ionnad, a deir an Tiġearna DIA na slóġ.
Aċd giḋ bé neaċ íḃeas as an uisge do ḃéura misi ḋó ní ḃía tart air go bráṫ; aċd an tuisge do ḃéara me ḋó bíaiḋ sé na ṫobar uisge ḟiuċaiġ ann ċum na beaṫa marrṫannuiġe.
Oír a sé so ar ngáirdeaċaisne, fíaḋnuisi ar ccoinnsiáis, gur a neaṁurċóid agus a ḃfíorġloine ḋíaḋa, agus naċ a ngliocas colluiḋe, aċd maille ré grás Dé, do ḃí ar gcoinḃearsáid sa tsáoġal, agus go mórṁór eadruiḃsi.
Oír an tí ṡiolċuireas don ċoluinn buainfiġ sé truailliġeaċd don ċoluinn; aċd an tí ṡiolċuireas don Sbioruid buáinfiḋ se an ḃeaṫa ṁarṫanaċ don Sbioruid.