12 Atá sliġe ann do ċiṫear díreaċ do ḋuine, aċt isé a ċríoċ sin sliġṫeaċa an ḃáis.
¶ Agus a duḃairt Ieroboam iona ċroiḋe, A nois fillfiḋ an rioġaċd ċum tiġe Ḋáiḃi:
Do rinne an ríġ coṁairle aír sin, agus do rinne sé ḋá láoġ óir, agus a duḃairt sé riú, As ro ṁór ḋaóiḃse dul súas go Hierusalem; féaċuiḋ ḃur ndée, a Israel, noċ ṫug amaċ siḃ as criċ na Hégipte.
Bí sliġe a namadáin díreaċ iona ṡúiliḃ féin: aċt is críonna an té éistios ré coṁairle.
Bí sliġe ann do ċiṫear ceart do ḋuine, aċt isé a ċríoċ sin sliġṫeaċa an ḃáis.
Bí ginealaċ ann ḃíos fíorġlan iona súiliḃ féin, giḋeaḋ ní ḃíd niġte ó na salċar.
Déanuiḋ ḃur ndiṫċeall ar ḋul a sdeaċ sa doras ċuṁann: óir a deirim riḃ, Is iomḋa dáoine iárrfas dul a sdeaċ, agus naċ búḋ éidir leó:
Ar a naḋḃarsin créd é an toraḋ fúaraḃair a nuáirsin ann sna neiṫiḃ fá a ḃfuil náire a nois oraiḃ? oír as é as críoċ ḋóiḃ bás.
Oír dá sáoiliḋ éunduine é féin do ḃeiṫ éifeaċdaċ, ar mbeiṫ ḋó gan éifeaċd, atá sé meallta ann a inntinn féin.
Ná meallaḋ éainneaċ siḃ ré bríaṫruiḃ dioṁáoineaċa: óir tug fearg Dé ar son na neiṫeannsa ar ċloinn na heasúṁlaċda.
Agus bíġiḋ ḃar luċd na bréiṫre ċur a ngníoṁ, agus ní ḃur luċd a héisdeaċda aṁáin, dá ḃur meallaḋ féin.