11 Claóiḋfiġṫear tiġ an droċḋuine: aċt blaiṫfiġ áitreaḃ an ionnraic.
Oír biáiḋ coṁċruinniuġaḋ na ḃfuarċráiḃṫeaċ áonránaċ, agus loisgfiḋ teine dún na ccuṁṫaċ.
Go deiṁin isé so áitreaḃaḋ an droċḋuine, agus isé so áit an té dá naċ aiṫniḋ Día.
Oír a dearṫaói, Cáit a ḃfuil teaġ an ṗrionnsa? agus cáit a ḃfuilid áite coṁnuiġṫe na ndroċḋaóine?
Léigfiḋ sé anonn é féin air a ṫiġ, aċd ni ṡeasfuiḋ sé ris: coinneoċa sé go daingion é, giḋeaḋ ni ṁairiḋ sé ḋó.
An drong ḟuáiṫiġios ṫú, éaideoċṫar lé náire íad; agus raċuiḋ áitreaḃ an droċḋuine a neaṁṡuim.
Dá mbeiṫéa fíorġlan agus ceart; go deiṁin do ṁúisgeolaḋ sé anois air do ṡon, agus do ḋéanaḋ áitreaḃ hionuracuis sona.
Biáiḋ do ḃean cosṁuil ris an ḃfíneaṁuin ṫoruiġ ar ṫáoḃuiḃ do ṫiġe: do ċlann cosṁuil le planntoiġiḃ ċroinn na hola a ttimṫioll do ḃóird.
Agus fós beagán, agus ní ḃiáiḋ an cionntaċ ann: measfa tú go dúṫraċdaċ a ionad, agus ní ḃfuil sé ann.
An té ċuirios a ḋóiġ iona ṡaiḋḃrios tuitfiḋ sé: aċt bláiṫfid na fíréin aṁuil buinneáin.
Teilgtear as na droċḋaoine, agus ní ḃíd ann: aċt seasuiḋ tiġ a nfíréin.
Leagfuiḋ an TIĠEARNA tiġ a nuáiḃriġ: aċt daingneoċuiḋ sé teóra na baintreaḃuiġ.
Measuiḋ an duine ionruic go glic tiġ an droċḋuine: aċt teilgiḋ Día seaċad na ciontoiġ ar son na cciontaḋ.
Atá ionnṁus ann is cóir díarruiḋ agus ola a náitreaḃ an duine ġlic; aċt caṫaiḋ an duine éigcríonna súas é.
Atá mallaċt an TIĠEARNA a ttiġ an droċḋuine: aċt beannuiġiḋ sé áitreaḃ a nionnruic.
Do ḃéara mé amaċ é, a deir TIĠEARNA na slóġ, agus raċuiḋ a steaċ go tiġ an ġaduiġe, agus go tiġ an té do ḃeir mionna bréige fam ainmsi: agus anfa a lár a ṫiġe, agus cnaóiḋfiḋ é maille re na aḋmad agus gun a ċloċaiḃ.