Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Seanraite 14:10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Aiṫniġiḋ an croiḋe a ṡearḃus féin; agus ní ḃeanann coiṁṫiġeaċ re na ṡólás.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Seanraite 14:10
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃradur eatorra féin, Atámaoid go deiṁin ciontaċ a ttaoḃ ar ndearḃraṫar, do ḃriġ go ḃfacamar doilġios a anma a nuáir do ġuiḋ sé sinn, agus nar éisdeamar ris; is uime sin ṫáinig an ṁairgse oruinn.


Agus a nuáir ṫáinic sí go hóglaċ Dé gus an ccnoc, rug sí ar ċosuiḃ air: aċt ṫáinic Gehasi a ngar dá ccur úaḋ. Agus a duḃairt óglaċ Dé, Léig ḋi; óir atá a hanum ar na ċráḋ innte: agus do ċeil an TIĠEARNA orumsa é, agus níor innis sé ḋaṁ é.


Ata manum curṫa dom ḃeaṫa; fuigfiḋ mé mo ġearán orum féin; laiḃeoruiḋ mé a searḃus manma.


Agus éugaiḋ duine oile a searḃus a anma, agus ní iṫionn ċoiḋċe maille re sólás.


Uime sin ní ċoisgfiḋ mé mó ḃéul; laiḃéoruiḋ mé a naṁġar mo spioraide; gearanfa mé a searḃus manma.


Ní ḟuileonguiḋ sé ḋaṁ manál do ṫarruing, aċt líonuiġ sé mé le searḃus.


Atá rún an TIĠEARNA ag an luċd eagluiġeas roiṁe; agus foillsiġiḋ a ċunnraḋ ḋóiḃ.


Do ní ċroiḋe súgaċ gnúis ṡuilḃir: aċt lé dóḃrón an ċroiḋe bristear an spiorad.


Iomċoruiḋ spiorad an duine a laige; aċt cía ḟéadas spiorad cneaḋaċ diomċar?


Annsin do ṫóg an spiorad súas mé, agus rug sé leis mé, agus do ġlúais mé a searḃus, a tteas mo spioraide; aċt do ḃí láṁ an TIĠEARNA láidir orum.


Atá manam buáiḋearṫa a nois; agus créd a déura me? A Aṫair, sáor mé ó nuáirsi: aċd as ċuige so ṫáinig mé ċum na huairesi.


Ní ḃfuigfe mé ḃur ndílleaċduiḃ siḃ: tiucfa mé ċugaiḃ.


Do ḟreagair Iósa agus a duḃairt sé ris, Giḋ bé ġráḋuiḟeas misi, coiṁeudfuiḋ sé mo ḃriaṫar: agus gráiḋeoċuiḋ Maṫair é, agus tiocfamaóid ċuige, agus do ḋéunam coṁnuiḋe aige.


Agus coiṁéudfuiġ sioṫċáin Dé ṡáruiġeas a nuile ṫuigse, ḃur gcroiḋṫe agus ḃur ninntinneaċa a Níosa Críosd.


An tí ḋá dtuġaḃair gráḋ, bíoḋ naċ ḃfacaḃair é; ann a ḃfuil siḃ a nois ag creideaṁ, gé naċ léir ḋiḃ é, agus as a ndéuntaói gairdeaċas ré lúaṫġáire ḋóḟaisnéis ġlórṁar:


An tí agá ḃfuil clúas, éisdeaḋ sé créd a deir an Sbiorad ris na heagluisiḋíḃ; Do ḃéurad don tí ḃeireas buáiḋ ré a iṫe don ṁanna ḟoluiġeaċ, agus do ḃéur ḋó cloċ ġeal, agus ainm núaḋ sgríoḃṫa air an gcloiċ, náċ aiṫniḋ daóin neaċ aċd aṁáin don tí ġlacas í.


Agus do ḃí sí lán do ḋoilġios intinne, agus do ġuiḋ sí an TIĠEARNA, agus do ġuil sí go géar.


Agus do ḟreagair Hannah, agus a duḃairt, Ní heaḋ, a ṫiġearna, aċd bean acá ḃfuil a spiorad doilġiosaċ mé: níor iḃ mé fíon nó deoċ láidir, aċd do ḋóirt mé manam amaċ a laṫair an TIĠEARNA.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ