Agus do rug sé Ierusalem uile leis, agus na prionnsaḋa uile, agus an nuile ḋuine árraċda a ngaisgiḋ, eaḋon deiċ míle bráiġe, agus an luċd ceirde uile agus na gaiḃne: níor ḟan duine, aċd an luċd buḋ boiċde do ḋáoine na tíre.
Aċt do fríṫ deiṫneaṁar fear iona measc a dúḃairt re Ismael, Ná marḃ sinne: óir atá ionnṁus aguinn annsa ṁaċaire, do ċruiṫneaċd, agus déorna, agus dola, agus do ṁil. Annsin do ċoisc sé, agus níor ṁarḃ sé íad a measc a ndearḃráiṫreaċ.
Oír créd é a ṫarḃa do ḋuine, da ngnoḋuiġeaḋ sé an doṁan uile, agus a anam féin do leígean a muġa? No créd í an ṁalairt do ḃeuraḋ duine ar son anma féin.