Réacaiḋ a ḃfuil aguiḃ, agus taḃruiḋ déirc úaiḃ; déanuiḋ sparáin ḋiḃ féin naċ raċta a narsaiḋeaċd, cisde ar naċ raċa caiṫeaṁ ar neaṁ, a náiṫ naċ dtig gaduiḋe a ngar ḋó, agus naċ dtruáilliġeann an míol críon.
Atá siḃ a nois sáiṫeaċ, atá siḃ a nois ar ḃur ndéunaṁ sáiḋḃir, do ġnoḋaiġeaḃair rioġaċd ionar ḃféugṁaisne: agus do bfearr leam go ḃfaġaḋ siḃ rioġaċd, ionnus go mbeiḋmísne fós ar rióġaiḃ maille riḃ.
Mar ag déunaṁ doilġeasa, aċd do ġnáṫ ag déunaṁ gáirdeaċais; mar ḃoċda, giḋeaḋ do ní morán saiḋḃir; mar ḋaóniḃ gan ní air biṫ aca, giḋeaḋ do ṡealḃuiġeas na huile neiṫe.
Eisdiġ, a ḋearḃráiṫre gráḋaċa, A né nár ṫoġ Día boiċd an tsáoġailse, sáiḋḃir a gcreideaṁ, agus na noiġriġiḃ na rioġaċda noċ do ġeall sé don druing ġráḋuiġeas é?
Ag geallaṁuin sáoirsi ḋóiḃ, agus gan ionntaḋ féin aċd seirḃísiġ don truáilleaḋ: óir giḋ bé ní ḃeireas buáiḋ ar neaċ, do ní an ní céudna fós seirḃíseaċ ḋe.
As aiṫniḋ ḋaṁ hoibreaċa, agus do ḃuáiḋirt, agus do ḃoċdaine, (giḋeaḋ atá tú sáiḋḃir) agus an ṁalsa do ḃeir an dream noċ a dei gur Iúduiġeaḋ íad féin, agus ní heaḋ aċd sinagóig Ṡátain.
Oír a deir tú, Atáim saiḋḃir, agus líonta do ṁáoin, agus ní ḃfuil uireasḃuiḋ éinneiṫe oram; agus gan a ḟios agad go ḃfuil tú dearóil, agus ad ṫrúaġan, agus boċd, agus dall, agus lomnoċd: