Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Seanraite 13:5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Fúaṫuiġiḋ an fíréun bréaga: aċt bí an droċḋuine neimḟírinneaċ, agus ṫig sé ċum náire.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Seanraite 13:5
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Fúaṫuiġim agus bí gráin agam air ḃréugaiḃ: is ionṁuin liom do ḋliġéaḋ.


Bí mían air anam an ċlaḋaire, agus ní ḟaġann aoinní: aċt do ḋéantar anam an dúṫraċtaiġ méiṫ.


A nuáir ṫig an ciontaċ, annsin ṫig tarcuisne, agus lé míoċlú an scannail.


Ġeaḃuiḋ an duine glic oiġreaċt ġlóire: aċt is náire ḃus árduġaḋ do na hamadánuiḃ.


Aṫruiġ a ḃfad uáim díoṁaóineas agus bréaga: ná taḃair ceaċtar ḋaṁ boċtaine no saiḋḃrios; beaṫuiḋ mé lé biaḋ is iomċubaiḋ ḋaṁ:


Féuċuin uaiḃreaċ, teanga ḃréagaċ, agus láṁa ḋóirtios fuil neiṁċiontaċ,


Aimsir re gráḋuġaḋ, agus aimsir ré fúaṫuġaḋ; aimsir re cogaḋ, agus aimsir re síoṫċáin.


Agus is annsin ċuiṁneoċṫaóisi ḃur sliġṫe, agus ḃur ngníoṁa uile ionar truáilleaḋ siḃ; agus fúaṫoċuiḋ siḃ féin ann ḃur raḋarc féin ar son ḃur nuile olc dá ndéarnaḃair.


Annsin cuiṁneoċṫaói ḃur ndroiċsliġṫe féin, agus fúaṫeoċuiḋ siḃ féin ion ḃur raḋarc féin, do ḃríġ ḃur néigceart agus do ḃríġ ḃur ngráineaṁlaċda.


Agus cuiṁneoċuid an ṁéid raċus as díḃ misi a measc na ccineaḋaċ mar a mbéarṫar a láiṁ íad, do ḃríġ gur briseaḋ mé le na ccroiḋe stríopaṁuil, noċ do ḋealuiġ riomsa, agus lé na súiliḃ, noċ ṫéid do stríopaċus a ndíaiġ a nioḋal: agus gráinfid íad féin do ḃríġ na nolc do rinneadar iona nuile ġráineaṁlaċdaiḃ.


Agus múisceoluiḋ mórán don druing ċodlas a lúaiṫreaḋ na talṁan, cuid ċum beaṫa síorruiḋe, agus cuid ċum náire agus tarcuisne síorruiḋe.


Do ġeárr mé mar an ccéadna amaċ triúr áoḋaireaḋ a naoinṁí; agus do ġráin manam riú, agus dfúaṫuiġ a nanamsan misi.


Uime sin ar ndealuġaḋ ris an mbréig ḋáoiḃ, láḃraḋ gaċ áon aguiḃ a nfírinne ré ná ċoṁarsuin: óir as buill dá ċéile sinn.


Ná déunuiḋ bréug ré ċéile, ó ċuireaḃair an seanduine ḋíḃ maille ré na ġníoṁarṫuiḃ;


Aċd do ġeaḃuid na daóine meata, agus díċreidṁeaċa, agus gráineaṁla, agus luċd dúnṁarḃṫa, agus aḋaltrannuis, agus na bpiséog, agus a nioḋalaḋruiġ, agus a nuile ḃréugaire, a gcuid sa loċ atá ar dearglasaḋ do ṫeine agus do ruiḃ: noċ is dara bás ann.


Agus a duḃairt seision ría, Má ċéangluid síad go daingean mé lé rópaḋniḃ núaḋa nar cuireaḋ a ríaṁ a ḃféiḋm, ann sin biáiḋ mé lag, agus biáiḋ mé mar gaċ nduine eile.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ