Anois ar a naḋḃarsin ná tugaiḋse ḃur ninġeana dá macaiḃ, agus ná gaḃuiḋ a ninġeana dá ḃur macaiḃ, ná híarruiḋ a síoṫċáin nó a saiḋḃrios go bráṫ: ċor go mbeiṫí laídir, agus go niostaói maiṫios na talṁan, agus go ḃfúigfiḋe é na oiġreaċt ag ḃur ccloinn go bráṫ.
Oír do ḃeir Día don duine an ní is maiṫ iona raḋarc eagna, agus éolus, agus sólás: aċt don ṗeacaċ do ḃeir sé sáoṫar, do ċruinniuġaḋ agus do ċur ar muin a ċéile, ċor go ttiuḃraḋ don té is maiṫ a ḃfiaḋnuise Dé. Is díoṁaóineas so fós agus buáiḋreaḋ spioraide.