Agus do laḃradar na dáoine óga ṫáinic súas na ḟoċair, ga ráḋ, Marso laḃeórus tú ris an bpobalsa do laḃair riot, ġa ráḋ, Do rinne haṫair ar ccuing trom, aċd déanasa níos éadtruime ḋúinn í; is marso a déara tú riú, Buḋ reiṁe mo ṁeur beagsa ná slíasad maṫar.
Agus tárla, an tan do ċoncadar caiptíniġ na ccarbad Iehosaṗat, go nduḃradar, Go deiṁin isé súd riġ Israel. Agus dfilleadar a leaṫtaoḃ do ṫroid ris: agus do ġoir Iehosaṗat na coṁairc.
Agus a duḃairt sé re Iehosaṗat, An raċa tusa liomsa a ccaṫ go Rámotġílead? Agus a duḃairt Iehosaṗat re ríġ Israel, Atáimsi mar atá tusa, mo ṁuinntir mar do ṁuinntir, meiċ mar heaċruiḋ.
Aċt do ḋiúlt seision an ċoṁairle ṫugadar na seandaóine ḋó, agus do rinne sé coṁairle ris na dáoiniḃ óga tugaḋ súas na ḟoċair fein, agus do ṡeas dá laṫair.
Agus do ċúaiḋ Iehu ṁac Hanani an féaċadóir amaċ na ċoinne, agus a duḃairt sé ris an ríġ Iehosaṗat, Ar ċóir ḋuitsi congnaṁ ris a nduine neiṁḋiaḋa, agus gráḋ do ṫaḃairt don luċd ḟúaṫuiġios an TIĠEARNA? uimesin atá fearg riot ó laṫair an TIĠEARNA.
¶ Annsin do laḃair an drong do imeagluiḋ an TIĠEARNA gaċ áon dioḃ ré ċéile go minic: agus déisd an TIĠEARNA, agus do ċúaluiḋ, agus do ḃí leaḃar cuiṁne scríoḃṫa iona ḟíaġnuise don ṁuinntir do imeagluiġ an TIĠEARNA, agus do smúain air a ainm.